Faoi stiúir an chraoltóra Áine Kerr agus an tionchaire ETIM Caoimhe Ní Mhuircheartaigh, rinneadh cíoradh i ngach seisiún ar an tionchar díreach a imríonn córais aimsire in Éirinn ar ghiniúint leictreachais in-athnuaite agus ar conas is féidir le daltaí nasc a chothú idir an fhoghlaim sa seomra ranga agus úsáid an fhuinnimh sa saol mar atá.
Bhí daltaí ó scoileanna i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus Trá Lí páirteach le gairid i Seónna Bóthair Faire Aimsire ESB Networks. Tionscnamh náisiúnta atá ann leis an aimsir agus an fuinneamh in-athnuaite a úsáid le beocht úr a spreagadh i suim na ndaltaí sa líonra leictreachais in Éirinn.
Tá na Seónna Bóthair saincheaptha go speisialta do dhaltaí Tíreolaíochta sa tSraith Shóisearach agus san Idirbhliain. Gníomhaíochtaí lán fuinnimh a bhí ann, meascán de thaispeántais bheo, dúshláin chun teoiricí gan bhunús a bhréagnú agus plé oscailte. Faoi stiúir an chraoltóra Áine Kerr agus an tionchaire ETIM Caoimhe Ní Mhuircheartaigh, rinneadh cíoradh i ngach seisiún ar an tionchar díreach a imríonn córais aimsire in Éirinn ar ghiniúint leictreachais in-athnuaite agus ar conas is féidir le daltaí nasc a chothú idir an fhoghlaim sa seomra ranga agus úsáid an fhuinnimh sa saol mar atá.
Ceann de na buaicphointí ó Sheó Bóthair Faire Aimsire ná an dúshlán lán fuinnimh Malartú Scoile. Tugadh sonraí fíor-ama ó stáisiúin aimsire i scoileanna rannpháirteacha eile do na daltaí agus iarradh orthu beagán bleachtaireachta a dhéanamh. B’éigean dóibh anailís a dhéanamh ar na patrúin teochta, ghaoithe agus bháistí agus cinneadh a dhéanamh faoin réigiún agus scoil as a bhfuarthas na sonraí. Spreag an dúshlán iomaíochas cairdiúil, smaointeoireacht ghéarchúiseach agus cuid mhaith plé bríomhar agus, san am céanna, tuiscint níos doimhne i measc na ndaltaí faoin tionchar a imríonn an aimsir áitiúil ar ghiniúint leictreachais in-athnuaite ar fud na hÉireann.
Seo cuid de na scoileanna a bhí páirteach ann:Participating schools included:
- Coláiste Pobail Choill an Rí, Baile Átha CliathKingswood Community College, Dublin
- Coláiste an Chláirín, GaillimhClarin College, Galway
- Coláiste na Collchoille, LuimneachHazelwood College, Limerick
- Meánscoil na Toirbhearta, CiarraíPresentation Secondary School, Kerry
Seo mar a labhair Aisling Walsh, Bainisteoir Custaiméirí agus Straitéise in ESB Networks, ar thionchar an tionscnaimh:
“Cúis áthais dúinn Seó Bóthair Faire Aimsire do Scoileanna, clár de chuid ESB Networks, a thabhairt amach chuig daltaí i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus Trá Lí, iad ag fáil tuiscint ar an tionchar a imríonn an aimsir in Éirinn ar an gcóras leictreachais in-athnuaite agus a dhíograisí atá siad faoi sin. Tá meascán den saineolas agus de chur chuige tarraingteach idirghníomhach againn, mar sin táimid ag cuidiú leis na hiarrachtaí le daoine a chur ar an eolas mar a theastaíonn chun tacú leis an aistriú in Éirinn go saol leictreach níos inbhuanaithe feasta.”
Cuireann Seó Bóthair Faire Aimsire do Scoileanna leis an rath atá ar Chlár Faire Aimsire go ginearálta, clár ESB Networks do scoileanna, a bhain 180 scoil amach i mbliana. Cuid den fheachtas “An am maith é seo?” atá ann, feachtas ina spreagtar daoine le bheith níos airdeallaí faoin leictreachas a úsáidtear agus le tuiscint níos fearr a bheith acu ar an nasc idir roghanna ó lá go lá agus an líonra náisiúnta leictreachais.
Agus meascán den saineolas eolaíochta agus den rannpháirtíocht airdeallach ann, is é is aidhm don tionscnamh iompar feasach a chothú i measc daltaí ina gcuirtear cúrsaí fuinnimh san áireamh agus comhráite mar sin a chothú sa bhaile agus sa phobal.
Agus é tagtha chun deiridh anois, chuaigh Seó Bóthair Faire Aimsire 2026 i bhfeidhm ar scoileanna ar fud na hÉireann agus tugadh blaiseadh den obair dóibh a chuimhneofar air go ceann i bhfad. Coinnigh i dteagmháil le cuntas Instagram ESB Networks, áit a gcuirfear postálacha ó chúl stáitse ón seó bóthair chomh maith leis na torthaí ón dúshlán Malartú Scoile. Tá neart eile ar na bacáin agus muid ag treabhadh ar aghaidh le níos mó daoine a chur ar an eolas faoin líonra leictreachais in Éirinn agus tionchar na haimsire ar chúrsaí fuinnimh feasta.