Tá sé mar chuspóir ag ESB Networks borradh a chur faoin bhfeasacht fuinnimh anois agus an clár Faire Aimsire do scoileanna á leathnú amach do 180 scoil sa bhreis ar fud na tíre. Deir 75% de na daltaí go bhfuil tuiscint níos fearr acu ar an úsáid fuinnimh cheana féin.
- 180 scoil agus os cionn 18,000 dalta i ngach contae in Éirinn páirteach ann, 10 nGaelscoil ina measc – méadú faoi dhó i gcomparáid leis an gclár píolótach anuraidh
- Thuairiscigh daltaí rannpháirteacha gur tháinig fás 50% ar an tuiscint a bhí acu ar an nasc idir an aimsir agus an fuinneamh in-athnuaite agus labhair nach mór an leathchuid acu le tuismitheoirí faoin úsáid fuinnimh sa bhaile
- Tá ceachtanna nua ann dírithe ar fheirmeacha gaoithe in Éirinn ag féachaint ar an nasc idir an tíreolaíocht agus an ghiniúint fuinnimh in-athnuaite
Tá fógartha ag ESB Networks go mbeifear ag cur lena gclár do scoileanna ‘Faire Aimsire’, tionscnamh nuálach oideachais do dhaltaí sa tSraith Shóisearach agus san Idirbhliain chun na naisc idir patrúin aimsire agus an ghiniúint fuinnimh in-athnuaite a aithint ar bhealach tarraingteach oideachasúil. Agus thart ar 15,000 dalta ann in 180 scoil ar fud na tíre, 10 nGaelscoil san áireamh, tá an clár méadaithe níos mó ná faoi dhó ó bhí an chéad chéim de ann anuraidh. Tugtar stáisiún aimsire ranga saor in aisce do gach scoil le go mbeidh na daltaí in ann dálaí aimsire fíor-ama a rianú agus fáil amach faoin tionchar a bhíonn ag an aimsir ar ghiniúint agus úsáid leictreachais. Cuirtear acmhainní oideachais ar fáil dóibh chomh maith.
Is léir ó mheasúnú a rinneadh anuraidh go raibh tionchar soiléir oideachais ann agus gur spreagadh comhráite fiúntacha faoi chúrsaí fuinnimh sa bhaile:
- Léirigh 73% de na daltaí go raibh tuiscint níos fearr acu ar an gcaoi a n-úsáidtear fuinneamh
- Tháinig fás 50% ar an tuiscint ar an nasc idir an aimsir agus an ghiniúint in-athnuaite
- Bhí níos mó ná 75% acu in ann na huaireanta buaicéilimh a aithint i gceart, méadú ó 33% acu sula raibh Faire Aimsire ann
- 48% acu a thuairiscigh gur phléigh siad an úsáid leictreachais sa bhaile sa mhí roimhe sin
Faoin gclár i mbliana, tá modúil nua ann dírithe ar fheirmeacha gaoithe in Éirinn. Úsáidfidh na daltaí léarscáileanna Suirbhéireachta Ordanáis agus aeríomhánna chun breathnú ar an tionchar a imríonn an leagan amach tíreolaíoch ar roghnú láithreán agus déanfaidh siad na buntáistí sóisialta agus timpeallachta leis an bhfuinneamh gaoithe a mheas. Tá an clár ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge agus ábhar saindeartha ann don oideachas trí mheán na Gaeilge.
Seo an méid a bhí le rá ag Lindsay Sharpe, Bainisteoir Custaiméirí agus Straitéise in ESB Networks: “Cúis sásaimh dúinn gur féidir linn cur leis an gclár Faire Aimsire ó ESB Networks i mbliana agus an-díograis ina thaobh le feiceáil i measc daltaí agus múinteoirí ar fud na tíre. De réir taighde bunaithe ar dhaltaí agus múinteoirí atá páirteach sa chlár, is léir go bhfuil méadú ag teacht ar a dtuiscint ar an nasc atá ann idir úsáid fuinnimh agus an ghiniúint in-athnuaite. Ar a bharr sin, tá siad rannpháirteach go gníomhach leis an gceist agus ag cur tús le comhráite cumhachtacha lena muintir agus lena gcairde faoin úsáid fuinnimh i saol an uile lae.
“Léiríonn an méid sin go bhfuil forbairt tagtha ar an gclár Faire Aimsire ó ESB Networks, a thosaigh mar thionscnamh ranga ach atá anois ina chuid thábhachtach de straitéis ESB Networks Líonraí i dTreo na Neodrachta. Táimid ag tnúth le bheith ag tacú leis an bhfás leanúnach seo ar an tuiscint laethúil ar úsáid agus roghanna fuinnimh le go mbeimid in ann an bealach a réiteach do shaol níos inbhuanaithe dúinn ar fad.”
Faoin tionscnamh, spreagtar comhráite faoin bhfeasacht fuinnimh in áiteanna ar shiúl ón seomra ranga, é sin ag tacú le feachtas ESB Networks “An am maith é seo?” chun úsáid leictreachais níos cliste a chur chun cinn. Ós rud é go ndéantar an teoiric agus an cleachtas a nascadh, forbraíonn na daltaí tuiscint shoiléir ar an nasc idir an aeráid in Éirinn agus bealaí chun na hinbhuanaitheachta amach anseo, agus is féidir leo an tuiscint sin a léiriú agus iad ar ais sa bhaile. Tá ról le comhlíonadh ag Faire Aimsire anois maidir leis an aistriú cultúrtha ar gá leis a spreagadh chun na huaillmhianta in Éirinn faoi Líonraí i dTreo na Neodrachta a bhaint amach. Toisc go ndéantar an fheasacht fuinnimh a fhí isteach mar chuid den fhoghlaim laethúil, tugann an clár an chumhacht do na daltaí cúrsaí inbhuanaitheachta a phlé in áiteanna taobh amuigh den seomra ranga agus, dá bharr, dul i bhfeidhm ar thuairimí agus iompar i dtithe ar fud na hÉireann.
Dúirt múinteoir Tíreolaíochta, Coláiste Pobail Choill an Rí, Baile Átha Cliath: “Tá na daltaí tíreolaíochta sa scoil an-spreagtha ag an gclár Faire Aimsire ó ESB Networks agus an-tugtha dó. Is féidir leo plé le ceisteanna fuinnimh agus aeráide ar bhealach praiticiúil ann. Is léir dóibh an ceangal díreach idir an méid a fhoghlaimíonn siad sa tíreolaíocht agus modhanna oibre an fhuinnimh in-athnuaite san fhíorshaol. Is aoibhinn leis na daltaí an stáisiún aimsire a úsáid leis na sonraí a bhailiú. Cuidíonn sin leo breathnú ar an inbhuanaitheacht ar bhealach praiticiúil. Mar phobal scoile, táimid ag dúil go mór leis an gclár a chur i ngníomh arís i mbliana.”