Ní thugann ESB Networks aon uiríoll, baránta ná gealltanas (sainráite nó intuigthe) maidir le cruinneas nó iomláine na faisnéise atá ar an suíomh gréasáin seo, agus ní ghlacann sé le haon fhreagracht as (agus séantar leis seo dliteanas ina leith).
Conas do stáisiún aimsire a chur ar an léarscáil
Seiceáil na treoracha chun an stáisiún aimsire a chur ar bun ar leathanach gréasáin na n-acmhainní mura bhfuil do chuntas Weather Cloud saor in aisce curtha i ngníomh agat fós.
Líon an fhoirm thaiscthe le sonraí faoi do scoil agus do stáisiún aimsire. Féach na céimeanna thíos chun an fhaisnéis a bheidh uait a fháil ó Weather Cloud. Molaimid an t-eolas seo a bhailiú sula líonann tú an fhoirm.
Conas do stáisiún aimsire a chur leis an léarscáil
Logáil isteach go Weather Cloud agus téigh go dtí 'gléasanna' trí chliceáil ar d'íomhá phróifíle sa chúinne uachtarach ar dheis, ansin roghnaigh an roghchlár anuas 'socruithe' do do ghléas agus roghnaigh 'Faigh Greamán'
Cóipeáil an nasc HTML (suíomhanna gréasáin agus blaganna)
Cóipeáil URL do stáisiúin aimsire ón mbrabhsálaí, mar shampla https://app.weathercloud.net/d8129773779
Tabhair faoi deara ainm do stáisiúin aimsire ar Weather Cloud