Séanadh ESB Networks
Is faisnéis ghinearálta í an fhaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo agus soláthraítear í chun críocha faisnéise amháin agus níor cheart brath uirthi mar ráiteas iomlán críochnaitheach maidir le haon saincheist ar leith.
Is faoi phriacal an úsáideora amháin atá rochtain ar an suíomh gréasáin seo agus úsáid a bhaint as. D’fhéadfadh sé nach mbeadh Sonraí Pearsanta (mar a shainmhínítear faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679)) a chuirtear tríd an idirlíon cosanta ná slán lasmuigh de shuíomh gréasáin ESB. Ní féidir le ESB, a stiúrthóirí, a fhostaithe, a sheirbhísigh agus a ghníomhairí, a chleamhnaithe nó ionadaithe eile agus a máthairchuideachtaí agus a bhfochuideachtaí faoi seach (ar a dtugtar “ESB” anseo feasta) slándáil sonraí (lena n-áirítear Sonraí Pearsanta) a ráthú lasmuigh dá chórais ríomhaireachta féin, más mian leat an modh cumarsáide seo a úsáid.
Ní thugann ESB aon uiríoll, baránta ná gealltanas (sainráite nó intuigthe) maidir le cruinneas nó iomláine na faisnéise atá ar an suíomh gréasáin seo, agus ní ghlacann sé le haon fhreagracht aisti (agus séantar leis seo dliteanas ina leith). Ní féidir le ESB, agus ní thugann sé uiríoll ná barántas, go mbeidh aon ábhar atá ar fáil le híoslódáil ón suíomh gréasáin seo saor ó ionfhabhtú, víreas nó cód a bhfuil gnéithe truaillithe nó millteacha aige.
Inneachar an tSuímh Gréasáin
Ní ghlacann ESB le freagracht as faisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo a nuashonrú agus mar sin níor cheart glacadh leis go bhfuil an fhaisnéis atá anseo cruinn, iomlán nó cothrom le dáta ag aon am ar leith. Féadfaidh an fhaisnéis atá anseo a bheith faoi réir cur isteach ó thríú páirtithe freisin. Ba cheart d’úsáideoirí gach ráiteas atá ar an suíomh gréasáin a fhíorú go neamhspleách.
Toisc go bhfuil inneachar an láithreáin gréasáin faoi chóipcheart, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé ina shárú ar dhlíthe cóipchirt, ar dhlíthe trádmhairc nó ar dhlíthe eile dá mbainfí úsáid neamhúdaraithe as cuid ar bith d’inneachar an láithreáin gréasáin seo. Ní fhéadfar ábhair ar an suíomh gréasáin seo a chóipeáil, a mhodhnú, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a uaslódáil, a phostáil, a tharchur, a thaispeáint go poiblí, a fheidhmiú, a dháileadh nó a úsáid chun aon chríoch poiblí nó tráchtála ach amháin mar a fhoráiltear go sainráite ar an suíomh gréasáin seo nó arna údarú go sainráite i scríbhinn ag ESB agus go díreach ar an gcoinníoll go gcoimeádtar an t-inneachar ar fad slán agus san fhormáid chéanna agus atá ar an suíomh gréasáin seo.
Má íoslódálann úsáideoir cuid ar bith d’ábhar an tsuímh gréasáin seo i gcomhair úsáid phearsanta nó neamhthráchtála, ní mór don úsáideoir gach fógra cóipchirt, fógra trádmhairc nó fógra eile dá leithéid a bhí san ábhar bunaidh a choinneáil ar aon chóipeanna den ábhar.
Úsáid an tSuímh Gréasáin
Níl ESB freagrach as aon chaillteanas, damáiste, costas nó speansas ar bith a eascraíonn as aon úsáid a bhaintear as an suíomh gréasáin seo, cibé acu díreach nó indíreach, airgeadais nó eile, a eascraíonn as rochtain ar an bhfaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo nó as brath ar an bhfaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo nó as aon ráiteas nó éileamh atá leagtha amach anseo. Ní hionann an fhaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo agus tairiscint, nó cuireadh ag ó nó thar ceann ESB nó aon pháirtí eile, chun aon seirbhís a leagtar amach nó dá dtagraítear sa suíomh gréasáin seo a sholáthar, go díreach nó go hindíreach.
Soláthraítear naisc chuig suíomhanna gréasáin ar le tríú páirtithe iad mar áis dár n-úsáideoirí. Ní dhéanann ESB rialú ar agus níl sé freagrach as aon cheann de na suíomhanna seo ná as a bhfuil orthu. Tá oibleagáid ar ESB a cháil agus a thrádmharcanna a chosaint agus tá an ceart ar cosaint ag ESB a iarraidh go mbaintear aon nasc chuig ár suíomh gréasáin. Tá cead sainráite ag teastáil chun lógó ESB a úsáid.
Chun an cead scríofa seo a iarraidh, déan teagmháil leis an Stiúrthóir Gréasáin (esbwebmaster@esb.ie) nó úsáid an ghné Déan Teagmháil Linn. Tá na gníomhaíochtaí naisc gréasáin seo a leanas toirmiscthe go sainráite ag ESB agus féadfaidh siad saincheisteanna maidir le trádmharcanna agus sáruithe cóipchirt a chruthú:
Naisc lena mbaineann úsáid neamhúdaraithe lógó ESB
Frámú, naisc inlíne nó meitichlibeanna
Hipearnaisc nó foirm naisc a cheileann an URL agus a sheachnaíonn an leathanach baile.
Féadfar rochtain agus úsáid faisnéise atá ar an suíomh gréasáin seo a thoirmeasc i ndlínsí áirithe agus níor cheart faisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo a úsáid in aon dlínse ina bhfuil feidhm ag na toirmisc sin. Níor cheart a mheas go dtugann aon ní atá anseo údarú chun an fhaisnéis atá anseo a úsáid i ndlínsí ina bhfuil feidhm ag toirmisc den sórt sin.
Ní féidir le ESB ráthaíocht a thabhairt go n-oibreoidh an suíomh gréasáin seo go leanúnach nó gan bhriseadh nó go mbeidh sé saor ó earráid agus ní ghlacann sé le haon dliteanas as neamhfháil a bheith air.
Tá an ceart ar cosaint ag ESB aon chuid den suíomh gréasáin a mhodhnú nó a scor, go sealadach nó go buan, le fógra nó gan fhógra, ag am ar bith.
Tá rochtain agus úsáid an tsuímh gréasáin seo agus na faisnéise atá air á rialú ag dlíthe Phoblacht na hÉireann agus forléirítear iad de réir na ndlíthe sin. Beidh dlínse eisiach ag Cúirteanna Phoblacht na hÉireann i ndáil le réiteach díospóidí nó éileamh a eascraíonn as úsáid an tsuímh gréasáin agus as an bhfaisnéis atá ar an suíomh gréasáin. Tá inneachar an tsuímh gréasáin seo faoi Chóipcheart © ESB.
Arna fhoilsiú i Márta 2022