Cúis mhór bhróid do ESB Networks an clár nua ‘Faire Aimsire’ a sheoladh do scoileanna. Is é is aidhm leis an gclár ná tacú le daltaí tíreolaíochta na Sraithe Sóisearaí agus na hIdirbhliana breathnú go mion ar na naisc atá ann idir patrúin aimsire agus foinsí in-athnuaite fuinnimh.
Breis agus 90 scoil agus nach mór 8,100 dalta ar fud na tíre ag glacadh páirte. Tá stáisiún aimsire faighte ag gach scoil atá páirteach, rud a thugann deis do dhaltaí taithí phraiticiúil a fháil agus foghlaim faoi fhuinneamh, faoin aimsir agus faoin gcaoi a mbíonn tionchar aici ar ghiniúint leictreachais. Déanann an clár daltaí a spreagadh le bheith ag caint faoin saol mór taobh amuigh den seomra ranga, agus ar an gcaoi sin, cuidíonn sé leo feasacht fuinnimh a thabhairt abhaile leo. Agus é ag spreagadh comhráite faoi úsáid fuinnimh, déanann an clár rannpháirteachas sa chlár “An am maith é seo?” de chuid ESB Networks a spreagadh. Tacaíonn an togra le leideanna faoi úsáid leictreachais agus cuidíonn sé le daoine cinntí eolacha a dhéanamh faoina n-úsáid leictreachais, amhail úsáid leictreachais a athrú go tréimhsí atá taobh amuigh de na buaicthréimhsí (5-7pm) nó go tréimhsí ina mbíonn fuílleach fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ann. Trí úsáid a bhaint as stáisiúin aimsire taobh amuigh agus na hábhair tacaíochta foghlama, déanann an clár teoiric an tseomra ranga a nascadh leis an gcaoi a bhfuil sé amuigh sa saol mór. Tagann scáileán taispeána le gach stáisiún aimsire, a nasctar go díreach leis an stáisiún féin. Cuireann sé sin ar chumas na ndaltaí sonraí a bhailiú ón seomra ranga. Múineann na ceachtanna do na daltaí faoin gcaoi a n-imríonn gnéithe den aimsir, amhail an ghaoth nó an ghrian, tionchar ar fheidhmíocht an fhuinnimh in-athnuaite – agus faoin gcaoi a bhféadfadh sé sin cuidiú le daoine cinntí níos eolaí a dhéanamh faoin bhfuinneamh a úsáideann siad. Anuas air sin, déantar an stáisiún aimsire a nascadh le ESBNetworks.ie/weatherwatch, rud a chuireann ar chumas na ndaltaí na sonraí a bhailigh siad a roinnt.
Aistear Faire Aimsire: eispéireas na scoileanna agus an méid atá foghlamtha acu
Seo an méid atá á rá ag daoine faoin gClár Faire Aimsire:
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Lindsay Sharpe, Bainisteoir Straitéise agus Custaiméara ag ESB Networks: “Is togra ríthábhachtach é Clár Scoileanna Faire Aimsire de chuid ESB Networks, a chuireann ar chumas na chéad ghlúine eile eolas agus tuiscint a bheith acu ar an ról tábhachtach a bhíonn ag an leictreachas agus ag an aimsir inár saol laethúil. Trí dhaltaí a spreagadh le bheith páirteach i gcomhráite fiúntacha agus gníomhaíochtaí praiticiúla, tá sé mar aidhm againn tuiscint níos doimhne a chothú ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus ar an tionchar a bhíonn aige ar úsáid fuinnimh. Déanann an clár seo daltaí a spreagadh le céimeanna gníomhacha a ghlacadh i dtreo saol níos inbhuanaithe amach anseo, chomh maith le hoideachas a chur orthu. Cuireann an clár bealach nua ar fáil chun oideachas a chur ar dhaoine óga faoi chúrsaí fuinnimh agus éifeachtúlachta comhshaoil, agus éascaíonn foghlaim atá spéisiúil agus gníomhach.”