Cóipcheart

Cóipcheart

Cóipcheart © ESB

Gach ceart ar cosaint, lena n-áirítear an láithreán gréasáin, an t-inneachar, an téacs, na híomhánna, na grafaicí, na físeáin, na teachtaireachtaí, an cód, teidil na mbogearraí, an leagan amach agus an comhéadan úsáideora atá sainiúil don láithreán, ach gan bheith teoranta dóibh.

Toisc go bhfuil inneachar an láithreáin gréasáin faoi chóipcheart, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé ina shárú ar dhlíthe cóipchirt, ar dhlíthe trádmhairc nó ar dhlíthe eile dá mbainfí úsáid neamhúdaraithe as cuid ar bith d’inneachar an láithreáin gréasáin seo.

Má íoslódálann úsáideoir cuid ar bith d’inneachar an láithreáin gréasáin seo i gcomhair úsáid phearsanta nó neamhthráchtála, ní mór don úsáideoir gach fógra cóipchirt, fógra trádmhairc nó fógra eile dá leithéid a bhí ar an inneachar bunaidh a choinneáil ar aon chóipeanna den inneachar.

Ní ceadmhach cuid ar bith d’inneachar an láithreáin gréasáin seo a chóipeáil, a athrú, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a uaslódáil, a phostáil, a tharchur, a thaispeáint go poiblí, a léiriú, a dháileadh ná a úsáid chun críocha poiblí ná tráchtála ar bith.

Márta 2022