Conas cur isteach ar an gcomórtas
Déan an físeán a phleanáil le do dhaltaí. Bainigí úsáid as fíorshonraí ón stáisiún aimsire chun réamhaisnéis aimsire a chruthú
Déanaigí an físeán a scannánú agus a chur in eagar - ná bíodh imní oraibh, níl aon trealamh gairmiúil ag teastáil, agus is féidir libh bhur bhfíseán a scannánú ar ghléas ar bith
Uaslódáil bhur bhfíseán chuig suíomh slán comhroinnte, m.sh., Dropbox, Google Drive, YouTube nó Vimeo
Líon an fhoirm thaiscthe thíos chun bhur bhfíseán a roinnt
Eolas do mhúinteoirí
Ligigí scód le bhur gcruthaitheacht! Is deis é seo cruthaitheacht do dhaltaí a mhúscailt agus spraoi a bheith agaibh.
Bígí cinnte stáisiún aimsire do scoile a bheith mar chuid den fhíseán agus na fíorshonraí a bhailíonn sé a roinnt!
Tá sé ríthábhachtach an tionchar a bhíonn ag an aimsir ar an nginiúint fuinnimh in-athnuaite a mhíniú, chomh maith le míniú a thabhairt ar conas agus cathain is féidir fuinneamh a úsáid ar an mbealach is fearr i gcaitheamh an lae.
Bígí cinnte an teideal iomlán Faire Aimsire ESB Networks a úsáid seachas leaganacha giorraithe
Tá fáilte roimh fhíseáin ó ghrúpaí, ranganna agus daoine aonair.
Cuirigí isteach bhur bhfíseán
Ní mór do mhúinteoirí iontrálacha ar dhúshlán Faire Aimsire ESB Networks a dhéanamh thar ceann a gcuid scoláirí. Ní mór don mhúinteoir athbhreithniú a dhéanamh ar an iontráil sula gcuirtear isteach é. Líon an fhoirm thaiscthe thíos.